East Galway RootsWest Galway Roots

Baile

irish family history

Fáilte go an príomhshuíomh Idirlín ar chúrsaí ginealaigh Chontae na Gaillimhe

Is ar chósta Iarthar na hÉireann atá Contae na Gaillimhe. Ar na bailte is mó cáil, tá cathair na Gaillimhe, Baile Átha an Rí, Béal Átha na Sluaighe, Ballinasloe, An Clochán, Gort Inse Guaire, Baile Locha Riach, Órán Mór, Port Omna agus Tuaim.

Glaoitear treibheanna na Gaillimhe ar cheithre chlann déag a bhí suite go láidir i saol tráchtála, polaitíochta agus sóisialta chathair na Gaillimhe idir an tríú céad déag agus an séú céad déag.

Na clanna seo a leanas a bhí i gceist: Átaoi; de Bláca; Bóidicín; Mac Ghille Dhuinn, Mac a’ Bhruithin, de Brún; Ó Dorchaí, Dairsigh, Ó Dorchaidhe, Ó Dorchaidhe; Ó Déin, Ó Deaghain, Mac an Déagáin, Mac an Déagánaigh; Ffont; Frinseach, de Fréins; Seoighe, Seóigh; Ó Ciardubháin; Ó Loingsigh; Ó Máirtín, Ó Maolmhartain, Ó Martain, Mac Giolla Mhártain, Mac Máirtín; Ó Muirghis, Ó Muirgheasa; agus Sciréid.

Agus ba iad seo a leanas teaghlaigh mhóra Ghaelacha na contae sa tréimhse chéanna: Ó Dálaigh; Ó Fallamhain; Ó Fláithearta, Ó Flaithbheartaigh; Ó hAllmhúráin, Ó Hallmhuráin; Ó hEidhin; Ó Ceallaigh; Ó Madáin, Ó Madaidhín; Ó Máille; Ó Maolalaidh; Ó Neachtain

Tháinig laghdú tubaisteach ar dhaonra Chontae na Gaillimhe de dheasca an Gorta Mór a tharla in Éireann, idir na blianta 1845 agus 1849. Ba é 440,198 an líon daoine sa chontae sa bhliain 1841 ach ní raibh ann ach 321,684 duine deich mbliana ina dhiaidh sin, de bharr an ghanntanais bia agus daoine ag imeacht ón tír ar imirce.

Bhí daoine ag imeacht ón tír go tréan le linn an dara leath den naoú céad déag chomh maith. D’fhág sé seo nach raibh sa chontae ach 214,712 duine faoin bhliain 1891. Sa lá atá inniu ann, tá 250,653 duine i gContae na Gaillimhe de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Phríomh-Oifig Staidrimh (2011), 75,529 duine i gCathair na Gaillimhe agus 175,124 duine sa chuid eile den chontae.

Is obair thuirsiúil í aimsiú do shinsear. Tá dhá ionad eolais i gcúrsaí ginealaigh i gContae na Gaillimhe. Féadann tú seirbhísí taighde a éileamh ó cheachtar den dá cheann. In ionad Chumann Staire Teaghlaigh Oirthear na Gaillimhe, i nGráig na Muilte Iarainn, atá gach eolais a bhaineann le hOirthear na Gaillimhe. Agus is in ionad Chumann Staire Teaghlaigh na Gaillimhe Thiar, i gCathair na Gaillimhe, atá gach eolais a bhaineann le hIarthar na Gaillimhe agus is ansin atá eolas ar Chathair na Gaillimhe agus cheantar Chonamara chomh maith.

Is iad seo a leanas na príomhfhoinsí a mbaintear úsáid astu sa dá ionad:

• Taifid eaglaise de na baistí, na póstaí agus na básanna roimh 1900.

• Taifid stáit baistí, na póstaí agus na básanna roimh 1900.

• Daonáireamh 1911 agus 1901.

• Luacháil Uí Ghríofa.

• Leabhair cheaproinnt na ndeachúna.

Tá foinsí eolais sa bhreis ar an liosta thuas ag an dá ionad a bhaineann go sonrach leis an dá réigiún ach is féidir teacht orthu i rannóg foinsí an ionaid féin.

Tá an dá chumann i líonra náisiúnta na n-ionad taighde atá luaite le Fondúireacht Staire Teaghlaigh na hÉireann (IFHF), an eagraíocht trína ndéantar comhordú ar na hionaid taighde contae i gcúrsaí géineolaíochta le cúig bliana is fiche.

Mura bhfuil tú cinnte cárbh as do do shinsear in Éirinn, féadann tú dul chuig an suíomh Idirlín d’Éire uile chun cuardach cuimsitheach a dhéanamh. Gheobhaidh tú bunachar sonraí ann de thaifid atá carntha le roinnt bliana anuas ag na hionaid taighde ar fad sa tír agus tugtha le chéile in aon áit amháin. Tá os cionn 19 milliún taifead ar shinsir mhuintir na hÉireann ar fáil ann faoi láthair.